Tír Chonaill Abú!

Dóchas na gConallach – Blaiseadh den spraoi!

Le linn na seachtaine, thug foireann Meon Eile cuairt ar Chontae Dhún na nGall le blaiseadh den atmaisféar a fháil roimh chluiche an Domhnaigh.

Bhí sráidbhailte agus bailte an Chontae cludáithe le glas agus buí agus cuireadh an scuab phéinte ar charranna sa chontae fosta.

Tá ceol againn ó Rory Gallagher, páistí scoile Naomh Chaitríona, Béal Átha Seannaidh agus Dónall Mac Ruairí agus a chuid deartháireacha.

Labhair muid le pobal an chontae, Brian Mc Eniff agus Anthony Molloy – Bainisteoir agus Captaen buach fhoireann ’92 – ina measc agus tá roinnt tuairimí láidre ann fosta faoi scór deiridh an chluiche.

Tír Chonaill Abú! / Shane O Curraighin, Sarah de Búrca
Close
Close