Tástáil fola CLG

Bhí go leor cainte faoi thástáil fola i CLG i mbliana nuair a ciontaíodh Thomas Connolly as Co. Mhuineacháin as mí-úsáid drugaí mídhleathacha.

Imreoir de chuid Latton O’Rahilly GFC é Thomas agus d’imir sé ar fhoireann shóisearach an chontae faoi 21.

Tugadh le fios go raibh an druga mídhleathach ‘anabolic steroid stanozolol’ tógtha aige nuair a rinneadh tástáil fola air i mí Feabhra.

Dúirt siad gur trí thimpiste gur thóg sé an tsubstaint mhídhleathach seo agus go ndeanadh cinneadh nach mbeadh cead aige imirt peil Ghaelach ar feadh dhá bhliain.

Bhí go leor conspóide faoin chás seo nuair a tháinig sé chun cinn agus táthar a rá nár cheart go mbeadh ar imreoirí CLG tástáil fola a dhéanamh siocair gur spórt amaitéarach é. Bhí daoine eile ag cur locht ar chaighdeán an spóirt, ag rá go raibh barraíocht brú ar imreoirí sa lá atá inniu ann.

Chuaigh Meon Eile le labhairt le beirt le fáil amach a gcuid tuairmi faoi… agus ar cheart agus ar cóir tástáil fola i CLG?

Tástáil Fola sa CLG
Close
Close