Ranganna Dornaclaíochta leis an iardhornálaí, Tommy McCarthy

Tá ranganna dornaclaíochta ar siúl ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste faoi láthair, iad faoi stiúir ag an iardhornálaí, Tommy McCarthy, agus ag an chóitseálaí, Joe Mac An Fhailí. 

Cuireadh tús leis an chúrsa 6 seachtaine Dé Sathairn an 15 Samhain agus beidh sé ar siúl go dtí an 20 Nollaig. Sna ranganna féin, cuirtear béim ar úsáid na Gaeilge chomh maith, fiú más cúpla focal atá i gceist! 

D'fhreastail Meon Eile ar an seisiún Dé Sathairn, áit ar labhair muid le Joe agus Tommy. 

Bíonn na ranganna ar siúl ag 10:30 thuas staighre ag Spórtlann na hÉireann. Is féidir freastal ar ranganna aonair ar £5. Is fiú freastal orthu agus forbairt a chur ar do chuid Gaeilge, bualadh le daoine eile, agus triail a bhaint as spórt nua! 

Close
Close