Rás Aigéin Volvo críochnaithe ach an ceol faoi lán seoil fós

Thosaigh Rás Aigéin Volvo don bhliain 2011-2012 ar 29 Deireadh Fómhair anuraidh in Alacant na Catalóine agus tar éis turas dochreidte tháinig sé chun críche i nGaillimh an tseachtain seo.

Bhí an áit dubh le daoine agus iad ag fanacht ar an mbád deireanach teacht isteach ag na dugaí díreach tar éis 5rn Dé Céadaoin.

D’fhéadfá a rá go raibh turas fada ag na seoltóirí, thaistil na báid ó Alicante go Capetown, ansin go Abu Dhabi agus Sanya, ansin ar aghaidh chuig Auckland, agus Itajaí, Miami, Lisbon, Lorient agus faoi dheireadh Gaillimh.

Rás Aigéin Volvo críochnaithe ach an ceol faoi lán seoil fós / Sarah de Búrca

Cé gur bhain CAMPER Gaillimh amach ag an gcéim dheiridh, bhí an bua iomlán ag GROUPAMA ón Fhrainc agus tháinig CAMPER san dara háit.

Sa tríú háit bhí PUMA agus i ndiaidh sin bhí TEAM TELEFÓNICA, ABU DHABI OCEAN RACING le TEAM SANY sa séú háit.

Cé go bhfuil Rás Áigéin Volvo thart níl deireadh leis an seoladh ar fad mar go mbeidh ‘Rás Clipper’ ar siúl i nDoire an deireadh seachtaine seo.

Close
Close