Naomh Éanna ag tabhairt aghaidh ar Chluiche Ceannais na hÉireann


Tabharfaidh Naomh Éanna ó Chontae Aontroma aghaidh ar churaidh Chiarraí, Cill Chuimín, i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann Dé Sathairn.

D'éirigh le Naomh Éanna an lámh in uachtar a fháil ar an Spidéal i gcluiche leathcheannais na hÉireann, i ndiaidh dóibh craobh Aontroma agus Uladh a bhaint den chéad uair riamh i stair an chlub.

Bunaíodh CLG Naomh Éanna níos mó ná 60 bliain ó shin. Anois, tá pobal láidir Gaeilge thart timpeall an chlub i nGleann Ghormlaithe agus iarrachtaí leanúnacha ar siúl sa cheantar chun cur leis an phobal sin.

Bhuail Meon Eile isteach ar sheisiún traenála Naomh Éanna an tseachtain seo agus fosta thug muid cuairt ar Ghaelscoil Éanna, áit a bhfuil na daltaí ar bís agus iad ag súil go mór leis an chluiche mór Dé Sathairn ...

Close
Close