Na croisbhealaí sroichte ag Cumainn Sacair na hÉireann

Is anocht a chuirfear tús le babhtaí cáilithe Shraith Sacair Europa ach in ionad Chathair Dhoire is iad Bohemians a bheas ag imirt i gcoinne Thor Akureyri na hÍoslainne sa chéad chluiche.

Sin cionn is gur chuir UEFA Doire ar fionraí trí bliana óna gcomórtais de bharr a leachtaithe sa bhliain 2009.

Le Manchester United anois ar thairseach Stocmhalartán Nua-Eabhrac, tá na croisbhealaí sroichte ag clubanna sacair anseo in Éirinn thuaidh agus theas.

D’fhiosraigh Shane Ó Curraighín fréamh na faidhbe sa dá phríomhshraith sacair ar an oileán…

Na croisbhealaí sroichte ag Cumainn Sacair na hÉireann / Griangrafanna Lorcan Doherty /Presseye agus William Cherry /Presseye

Curaidh sraithe FAI agus cruachás airgeadais

2005 Cathair Chorcaí – deireadh curtha leis an chumann i 2010

2006 Shelbourne – ceadúnas imeartha caillte i 2007 de bharr fiacha móra

2007 Droichead Átha – faoi scrúdaitheoireacht i 2008, cliseadh i ‘09

2008/09 Bohemians – fiacha móra airgeadais 2010

2010/11 Ruagairí na Seamróige – faoi scrúdaitheoireacht i 2005 (glanta anois)

Sraith IFA 2011/2012 agus cruachás airgeadais

Portadown (2ú áit sa tsraith) – fiacha de £1,000,000 (figiúirí 2011)

Cliftonville (3ú áit sa tsraith) – fiacha reatha de £250,000 agus i mbaol a ndíbríthe

Cúl Raithin (4ú áit sa tsraith) – fiacha de £1,300,000 (figiúirí 2005)

Glentoran (6ú áit sa tsraith) – fiacha reatha de £500,000

Lisburn Distillery (11ú áit sa tsraith) – fiacha reatha de £480,000

Close
Close