Mná Aontroma ag dul ó neart go neart

Mná Aontroma ag dul ó neart go neart

Beidh foireann peile na mban ag Co. Aontroma san iomaíocht i gcluiche ceannais Roinn 4 den tSraith Náisiúnta amárach Dé Sathairn 3ú Bealtaine.

Faoi bhainistíocht nua, tá scaifte mór d’imreoirí úra sa phainéal i mbliana agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Ros Comáin i dTulach Mhór, Co. Uibh Fháilí.

D’fhreastail Meon Eile ar sheisiún traenála de chuid na foirne i rith na seachtaine chun labhairt le cuid den fhoireann agus den bhainistíocht.

Mná peile na hAontroma ag dul ó neart go neart

Is iad seo a leanas na torthaí ó na chluichí uilig:

Babhta 1: Aontroim 8.19 v Doire 1.06

Babhta 2: Cill Mhantáin 3.12 v Aontroim 3.14

Babhta 3: Ros Comáin 3.14 v Aontroim 2.07

Babhta 4: Luimneach 2.11 v Aontroim 2.10

Babhta 5: Aontroim 3.10 v An Lú 1.10

Craolfar an cluiche beo ar TG4 ag 13:00 amárach 3ú Bealtaine. Go n-éirí go geal leis an foirne!

Close
Close