Gaelscoil Aodha Rua ar bís roimh Chluiche Ceannais na hÉireann

Beidh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2021 ar siúl amárach idir Tír Eoghain agus Maigh Eo i bPáirc an Chrócaigh ag 17:00.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, áit a bhfuil na múinteoirí agus daltaí ar fad ar bís roimh an chluiche mhór. Labhair Móna Uí Dhochartaigh, príomhoide na scoile, linn faoin Lá Dearg agus Bán a bhí acu sa scoil chun airgead a bhailiú leis an áit a mhaisiú. Labhair Loinnir Uí Cheallaigh agus Seán Mac Diarmada linn fosta ar an ábhar.

Is léir go bhfuil sceitimíní ar na páistí ar fad agus go bhfuil siad ag baint sult as an am speisialta seo do mhuintir Thír Eoghain!

Close
Close