Fimíneacht CLG faoi chás Seanie Johnston

Fimíneacht CLG faoi chás Seanie Johnston
seanie johnston
seanie johnston

Tá an oiread ráite agus scríofa faoi aistriú idirchontae Seanie Johnston anois go dtiocfadh leat na nuachtáin ar fad thart fán tír a líonadh ó thús deireadh.

Tá sé doiligh a chreidiúint gur seo an t-ábhar cainte is mó i measc iriseoirí CLG agus muid chóir a bheith leath bealaigh fríd na comórtais chraoibhe.

Ach tá dea-scéala amháin i ndiaidh theacht amach as cinneadh bhainisteoirí iomána Choill Dhubh Seanie Johnston a chur ar an pháirc imeatha an tseachtain faoi dheireadh – ciallaíonn sé go bhfuil deireadh leis an tseafóid seo anois.

Tá deireadh leis na cásanna a cuireadh os comhair an CCC agus na gcoistí eile i bPáirc an Chrócaigh.

Níl amhras ar bith ann gur scéal náireach é seo do CLG Chill Dara, don Bhord Contae, don Choiste Tacaíochta agus do Kieran McGeeney agus Seanie Johnston féin.

Ach níl mé ag iarraidh níos mó de cháineadh a dhéanamh anseo ar Seanie, tá go leor de sin agus b’fhéidir barraíocht ráite ag leithéidí Ciaran Whelan agus Joe Brolly ach léiríonn an scéal seo fadhbanna eile taobh istigh de CLG.

Léiríonn an cás go bhfuil galar an dáthaobhachais agus na fimíneachta beo beathach i saol na gcluichí Gaelacha.

Ní chluinim cáineadh ar bith déanta ar bhainisteoirí a bhíonn ag athrú clubanna agus geansaithe chomh minic is a athraím féin mo chuid stocaí.

Cén fáth a gcaithfidh imreoirí fianaise a thaispeáint le haistriú a fháil nuair is féidir le bainisteoirí clubanna nó contaetha a athrú gan stró.

Ní fheicimse riail ar bith leagtha síos ag Páirc an Chrócaigh go gcaithfidh bainisteoir bheith ag obair sa chontae nó bheith ina bhall de chlub sa chontae le bheith ag obair (mo leithscéal NÍL siad ag obair, obair dheonach atá ann) le foireann sa chontae sin.

Tá raic tógtha faoi Seanie Johnston ach níor chuala mé an chleamaireacht chéanna nuair a ghlac Kieran McGeeney post i gCill Dara.

Tá an scéal níos measa le foirne iomána. Tá John Allen anois i Luimneach, tar éis do Dhónal O’Grady bheith ann, Anthony Daly i mBaile Átha Cliath agus chaith Davy Fitz cúpla bliana sa Rinn.

Cén fáth riail amháin bheith ann d’imreoirí agus gan riail ar bith ann do bhainisteoirí?

Tá scéal Seanie ina chúis gháire ach ar a laghad saothraíonn sé a chuid mar mhúinteoir.

Tá sé ag iarraidh peil a imirt ar mhaithe le peil a imirt. Níl sé ann ar mhaithe le hairgead a shaothrú.

An féidir an rud céanna a rá faoi chontaetha ar nós Ard Mhacha a bhfuil traenalaithe acu atá ag saothrú na mílte in aghaidh na bliana.

Níor chuala muid ach ceiliúradh nuair a ghlac Peter Canavan post an bhainisteora le Fear Manach ach, seachas duine amháin, is as Tír Eoghain gach ball d’fhoireann traenála s’aige.

Ní féidir le CLG dul ar aghaidh ar an dóigh seo le riail amháin i bhfeidhm do dhream amháin agus riail eile, nó easpa rialacha, ann do dhream eile.

Cé go ndearna Páirc an Chrócaigh iarracht dul i ngléic le fadhb na hiocaíochta do bhainisteoirí, caithfidh siad rialacha docht daingean a leagadh síos le stop a chur leis an roithleagán ró seo.

Ach ar ndóigh ní hé Seanie Johnston an t-aon duine a d’aistrigh clubanna ná contaetha.

Bhog James McCartan carbhán isteach chuig portach sa Bhoirinn i gCo. an Dúin ar mhaithe le haistiú a fháil óna chlub dúchais.

Thóg Larry Tompkins Corn Sam Mhig Uidhir le Corcaigh cé gur as de bhunadh Chill Dara é féin agus amharc ar shampla Rory Gallagher atá anois ina thraenálaí le Tír Chonaill, bhí níos mó clubanna aige féin ná mar a bhí ag Tiger Woods riamh.

I dtromlach na gcásana d’aistrithe idirchontae ní fiú faic iad na himreoirí a thagann as baile isteach. Níl iontu ach saighdiúirí tuarastála.

I gcluiche atá bunaithe ar ghrá don pharóiste agus don chontae inár tógadh tú, i 99% de chásanna éiróidh leis an duine sin atá ag imirt don gheansaí in éadan an duine sin atá ag imirt ar mhaithe leis féin.

Cé go bhfuil sé ansin le peil a imirt, tá Seanie Johnston i gCill Dara ar mhaithe leis féin chomh maith. Nuair a thagann am an ghátair ní bheidh sé ar fáil.

Mar a tharlaíonn le saighdiúirí tuarastála nuair atá an cluiche sa phóta éiríonn le grá don gheansaí thar scil agus ábaltacht i rith in ama.

Insíonn scéal Seanie níos mó dúinn faoin bhrú atá ar McGeeney rud éigin a bhaint le Cill Dara.

Tá cúig bliana caite aige anois ansin agus níl le taispeáint aige ach Corn Shraith Roinn 2 ar son na n-iarrachtaí agus mílte atá caite acu.

Is léir d’achan duine go bhfuil fadhbanna acu scóranna a aimsiú, go spéisialta seasanna cúl.

Le Tomas O’Connor ag feidhmniú mar bhéar sa chearnóg caithfidh go bhfuil McGeeney ag smaoineamh go dtiocfadh le Johnston an bhearna ar chlár na scóranna a líonadh agus é ag obair mar chríochnaitheoir don liathróid a bhaineann O’Connor.

Beidh le feiceáil ach sílim go mbeidh an gáire deireannach ag imreoirí agus lucht tacaíochta an Chabháin an deireadh seachtaine seo, agus lucht na foirne Ultaí ag dreim go mór le bualadh le contae nua a iar-imreora.

Ach téann seafóid Seanie ar aghaidh píosa eile, tá an scéal amuigh anois nach mbeidh sé ar fáil don chluiche mór. Tá Seanie gortaithe.

Seans gur buille le camán a bhí ann agus é ag imirt le Coill Dhubh. Is féidir leat sin a fhreagairt tú féin.

Conall Ó Máirtín

Close
Close