Dáire Ó Baoill - Réalt óg spóirt Ghaoth Dobhair

Tá éacht mór spóirt bainte amach ag gasúr óg as paróiste Ghaoth Dobhair.

Ainmníodh Dáire Ó Baoill mar chaptaen ar fhoireann faoi 18 sacair na hÉireann tar éis na Nollag.

Thosaigh Dáire amach ag imirt sacair le foireann Ghaoth Dobhair Aontaithe faoi 10, agus níor stad sé ó shin.

Dúirt Dáire, arb é Breandan Ó Baoill a athair, an duine a thug liathróid dó an chéad lá ariamh.

“D’fhán sé liom ó shin i dtaobh spreagadh agus tacaíocht de.”

Ta Dáire anois ag imirt le foireann sacair Letterkenny Rovers F.C. agus ar laghad bliain fágtha aige leo.

Fuair sé deis trialacha peile a dhéanamh le foireann na hÉireann anuraidh, rud a tháinig aniar aduaidh air, go háirithe nuair a piocadh don fhoireann é agus arís eile nuair a tugadh banda an chaptaein dó.

Ní amháin go bhfuil bua an tsacair ag Dáire ach tá sé ag imirt le foireann CLG Chontae Dhún na nGall fosta agus é anois ag diriú isteach ar an chraobh agus ag traenáil go crua.

“Tá an sacar sna cosa ach tá an pheil Ghaelach sa chroí,” arsa Dáire.

Bhuail Meon Eile le Dáire ar na mallaibh le labhairt leis faoina éacht spóirt agus caidé atá amach roimh an réalt óg seo…

Dáire Ó Baoill - Ceaptaen Éireann faoi 18 agus Imeoir mionúir do Dhún na nGall
Close
Close