Corn Domhanda Frithchiníochais 2017

Bhí Corn Domhanda Frithchiníochais 2017 ar siúl i mBéal Feirste le déanaí ar thailte na foirne Donegal Celtic.

Seo an 11ú bliain den chomórtas agus i mbliana bhí 24 foireann san iomaíocht.

Chomh maith le foirne as Éirinn, Sasana agus Alba, cuireadh fáilte mhór roimh imreoirí ón Phalaistín agus ón tSiria.

Ón champa Lajiee sa Bhruach Thiar a tháinig na himreoirí óga ón Phalaistín.

D'fhorbair eagarthóirí an chomórtais gaol leis an champa i mBeithil trí bliana ó shin ach seo an chéad bhliain do mhuintir na Siria páirt a ghlacadh sa chomórtas.

D'éirigh le 'Belfast Bhoys' an corn a bhaint ach b'iad Laochra Loch Lao, an fhoireann Ghaelach ó Iarthar Bhéal Feirste, a thug leo an sciath.

Bhí Meon Eile i láthair ag na cluichí...

Close
Close