Comóradh ar Ghaeil Uladh a throid sa Chogadh Mór

Lainseáil Comhairle Uladh tionscnamh a thabharfas aitheantas do scéalta imreoirí CLG a throid sa Chéad Chogadh Domhanda.

Léiríonn réamhthaighde an tionscnaimh gur throid na scórtha imreoirí Gaelacha in arm na Breataine le linn an chogaidh.

Aithníodh nárbh é dílseacht do Choróin Shasana údar spreagtha na nÓglach ach, den chuid is mó, dífhostaíocht ina gceantracha dúchais. Ba as cúlra na haicme oibre tromlach na saighdiúirí Gaelacha a throid sa chogadh mór.

Dúradh ag an seoladh gur throid 20 ball ó chumainn áirithe in Iarthar Bhéal Feirste sa chogadh.

Maraíodh William Manning as Béal Feirste (fear a d’imir le contae Aontroma i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 1912) sa Fhrainc in 1918 agus é ag freastal ar Fhiúsailéirí Ríoga Átha Cliath.

Is compháirtíocht é ‘Forgotten Ulster Volunteers’ idir Comhairle Uladh agus eagras comórtha an chogaidh mhóir.

Tugann an tionscnamh léargas ar bhaill ó mhórthimpeall na cúige a throid i dtrinsí an chogaidh. Tháinig cuid acu slán agus ghlac siad rólanna sinsearacha i Cumann Lúthchleas Gael ar a bhfilleadh.

Labhair Meon Eile le foireann oibre an togra faoin méid atá tagtha chun solais agus faoin méid atá i ndán don tionscnamh…

CLG agus an chéad chogadh domhanda
Close
Close