Cóitseálaí na Bliana

Le dhá bhliain anuas, tá CLG Uladh ag obair i gcomhpáirtíocht le Translink NI chun Cóitseálaí na Bliana a aimsiú sa chúige.

Iarrtar ar dhaoine atá bainteach le CLG - tuismitheoirí, imreoirí agus muinteoirí - cóitseálaí ar leith a chur chun cinn don teideal mór.

Cuirtear gearrliosta le chéile de na cóitseálaithe is fearr in achan chontae ar dtús agus ansin déanann painéal moltóirí an naonúr a ghearradh siar go duine amháin.

I mbliana ba ar an Ghael Phádraig Mac Cathail ó Ghlór na Móna i gContae Aontroma a bronnadh an duais mhór.

Chomh maith leis an duais féin, faigheann na buaiteoir culaith spóirt agus taisteal saor in aisce ar bhus Translink don bhliain, rud a bhíonn ina chuidiú mór do na foirne féin.

Bhuail Meon Eile le Pádraig agus le Tricia Ní Chearra ó CLG Uladh le labhairt faoin duais agus faoin chomórtas.

Close
Close