An bua ag Cill Dara!

Is cosúil go bhfuil réiteach ar an aighneas idir Cumann Lúthchleas Gael agus Bord Contae CLG Chill Dara faoi cá háit a n-imireofar an cuiche craoibhe peile idir Cill Dara agus Maigh Eo ar an Satharn beag seo.

Páirc an Chrocaigh a bhí beartaithe mar ionad imeartha ag na húdaráis, ach fógraíodh ar maidin go mbeidh an cluiche ar siúl anois sa Droichead Nua tráthnóna Dé Sathairn ag 7in.

Le cúpla lá anuas sheas bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill, agus an Bord Contae, an fód ar son an ceart a bheith acu an cluiche a imirt sa bhaile.

Ba é Cill Dara an chéad ainm a tháinig amach as an hata le linn na tarraingthe oifigiúla a craoladh beo ar chlár Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 Dé Luain. 

De réir rialacha CLG ba chóir buntáiste baile a bheith ag Cill Dara as siocair gurbh iad an chéad ainm a tarraingíodh.

Go dtí seo bhí CLG ag rá gur ar mhaithe le ‘sláinte agus sábháilteacht’ a rinneadh an cinneadh an cluiche a bhogadh go Páirc an Chrócaigh, ach leis an bhrú ag meadú lá i ndiaidh lae, is léir go raibh orthu géilleadh.

Labhair Meon Eile leis an iriseoir spóirt Daragh Ó Conchúir & Gearóid Mac Roibín faoin scéal.

Close
Close