Campa Chormaic ag ceiliúradh 10 mbliana

Campa Chormaic ag ceiliúradh 10 mbliana

Deich mbliana atá imithe thart ó d’éag Cormac Mac an Ailín, an tIar-Chaptaen ar fhoireann peile Thír Eoghain.

Thug fear na hEaglaise leis gach mórghradam dá raibh ann sa Chumann Luthchleas Gael sula bhuail an bás leis go tobann gan é ach ceithre bliana is fiche d’aois.

Ainmníodh Corn na gCluichí Comhrialacha ina ómós in 2004 agus an bhliain dár gcionn bunaíodh Cumann CLG Cormac McAnallen i Sydney na hAstráile.

Tá lorg an fhir le sonrú fós i gcumainn CLG mórthimpeall Chúige Uladh agus níos faide i gcéin.

Chuir a dheartháir Dónall tús le hIontaobhas Chormaic agus go gairid ina dhiaidh sin bunaíodh Campa Chormaic.

Tá na campaí á réachtáil i gceithre chontae éagsúla i gCúige Uladh agus díríonn siad ar scileanna peile agus iomána, mar aon leis an Ghaeilge.

Seo chugaibh léargas ar Champa na bliana seo ó Chaisleán Uidhlin, Contae an Dúin.

Campa Chormaic

Close
Close