Bua dúbailte á lorg ag Dún na nGall

Tá foireann peile Dhún na nGall, sinsear agus mionúr, ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh. Éacht ollmhór don chontae agus do cheantar Ghaoth Dobhair ach go háirithe.

Idir an dá fhoireann, beidh naonúr ón chlub Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh agus is léir go bhfuil bród millteanach ar an phobal, le glas agus buí le feiceáil in achan áit acu.

Is í seo an chéad uair ariamh d’fhoireann na mionúr bheith sa chluiche mór agus iad, cosúil leis an fhoireann sinsearach, ag dúil go mbeidh siad ag teacht ’na bhaile leis an chorn.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaoth Dobhair ar na mallaibh leis an atmaisféar a bhlaiseadh. Labhair muid le scoláirí de chuid Scoil Mhuire ar na Doirí Beaga agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, mar aon le roinnt imeoirí agus laoch na condae é féin, Jim McGuinness.

Bua dúbailte á lorg ag Dún na nGall

Ach leis an chuiche ceannais ag teannadh linn agus Ciarraí ag fanacht ar na Conallaigh, cén scór a bhéas ann ag deireadh an lae nuair a shéidtear an fhéadóg dheiridh?

Close
Close