Bronnadh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2019

Bhronn Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael John Horan 37 mbonn ar chumainn CLG i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.

Seo an 3ú bliain as a chéile a reáchtáil Glór na nGael i gcomhpháirtíocht le CLG an scéim tacaíochta chun iarrachtaí na gcumann a aithint.

Bronnadh 26 bhonn cré-umha, 9 mbonn airgid agus 2 bhonn óir ar chlubanna CLG as gach cearn den tír.

Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht. Fear ab ea é a raibh baint mhór aige le cúrsaí CLG agus cúrsaí Gaeilge, agus bhí a theaghlach i láthair ag an oíche bhronnta Dé Sathairn.

Labhair muid le hionadaithe ó chuid de na clubanna agus le lucht eagraithe na scéime.

Close
Close