Bród in Ard Mhacha le ceapachán Joe Kernan mar bhainisteoir na hÉireann

Agus laoch peile Ard Mhacha Joe Kernan ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann Chomhrialacha na hÉireann, chuaigh Meon Eile chun cainte leo siúd ina cheantar dúchais faoi cheapachán a gcomharsana.

Bhí Kernan i gceannas ar Ard Mhacha an t-aon uair ar bhuaigh an contae Corn Sam Mhig Uidhir in 2002. Thóg an contae ceithre chraobh cúige agus sraith náisiúnta leo le linn réimeas bainistíochta Mhic Thiarnan.

Agus Kernan i gceannas ar Raonaithe na Croise, bhuaigh an cumann trí chraobh uile Éireann, trí chraobh Uladh, cúig chraobh contae agus ceithre chraobh f-21.

Cloisfear san fhíseán gur fhág oidhreacht Mhic Thiarnan cuimhní ceannúla i measc lucht léanta peile na contae.

Tá conradh bainistíochta dhá bhliana bronnta ar fhear Ard Mhacha agus beidh foireann na hAstráile os a chomhair amach le teacht na Samhna i bPáirc an Chrócaigh.

Seo chugaibh caint, cuimhní agus scéalta faoi réimeas Joe Kernan i gcontae Ard Mhacha…

Bród in Ard Mhacha le ceapú Joe Kernan mar bhainisteoir na hÉireann
Close
Close