Ar Mhuin–eachán na Muice!

Ar Mhuin–eachán na Muice!

Fearghal Mag Uiginn

Agus báire na fola ann ag Cluain Eois inné, bhí fear de bhunadh Mhuineacháin taobh liom ag bárcadh allais; bean as Dún na nGall romham ag scairteadh in ard a cinn; bhí Uinseann Ó Comhraí ag síniú amach in airde cos Mhíchíl Uí Mhurchú agus é ar shlat a dhroma ar pháirc na peile, iad beirt ‘as an imirt’ – agus bhí an liathróid neadaithe i lámha Phádaí Mhic Bhriartaigh.

Ar feadh mionsoicind, chualathas dom gur tharraing a raibh ann anáil thostach; ansin liú ag éirí in airde ó lucht leanúna Dhún na nGall, súil ghéar na circe ag muintir Mhuineacháin ar an mhaor cúil gur oscail amach a lámha is bhí port Churaidh Uladh 2014 seinnte. 0-11 0-10 a bhí an corn bainte ar ais ag Muineachán.

Le cúilín beag bídeach amháin a thóg, don dara huair le trí bliana agus an gradam tuillte ag an fhoireann is airde scór. Ach ar éirigh do pheileadóirí Dhún na nGall ar maidin buailfidh sé mar is ceart iad gur ligeadh bua ná cluiche cothrom le sruth.

Ó thus deiridh, bhí an dara leath breac le drochaimsiú is le míchruinneas a bhain osna as lucht leanúna Dhún na nGall le teann frustrachais.

Níorbh ionann an scéal ag tús an chluiche, Mac Briartaigh (0-6, 4cs) chun tosaigh ar an Bhreatnach leis an chéad chúilín a aimsiú, an liathróid arís aige sa tríú bomaite agus pas an scóir uaidh go de Léis.

Sa chúigiú bomaite faoin teas fuair Mag Fhlionn na miotóg dearg cúilín 3 agus bhí cuma na maitheasa ar Dhún na nGall ag 0-3 0-01.

Ach de réir a chéile tháinig toradh ar thréaniarrachtaí fuinniúla Mhuineacháin gur shaothraigh le hallas a malacha cúig chúilín as a chéile – Mac Mánais (0-5, 3cs) faoi dhó, Ó Conaill agus Ó Dufaigh faoi dhó.

Bhí sainphleananna bhainsteoir Mhuineacháin, Malacaí Ó Ruairc, ag teacht i gcrann.

Dhírigh Mícheál Ó Murchú (0-2, 2cs) cic saor ón talamh idir na cuaillí ach bhí Muinceachán muiníneach gan srian faoin am seo – cúilín spreagúil ó Deasún Ó Mocháin agus thug pas ar strae ó Ó Murchú seans do Mhac Mánais ceithre cinn a chur idir na foirne ag leathama. Muineachán 0-8 Dún na nGall 0-4.

Bhí cur chuige eile de dhíth ar Dhún na n Gall sa dara leath agus bhí rath air ó thaobh na seilbhe agus na fairsingeachta de. Bhí an bheirt Mac Aoidh ag brú chun tosaigh ar na cliatháin agus teannas níos mó ar Mhuineachán ó na ciceanna amach.

Ní raibh ach rud amháin in easnamh, cruinneas agus beaichte. Thug Eoghan Ó Leannáin ceacht beag scórála do na tosaithe ag ceann eile na páirce is bhí Muineachán 0-9 0-4 chun tosaigh.

Mac Briartaigh is a leathbhádóir Mac Mánais a bhí ar a seal ag aimsiú ó chiceanna saora is mó agus sa 13ú bomaite den leath, ag 0-11 0-6, bhí an bhearna ar ais mar a bhí.

Is beag a shíl nach bhfaigheadh Muineachán scór ar bith eile sa choimhlint. Is lú a shíl gur leor sin leis an chluiche a bhaint!

Galar tógálach a bhí sa mhíchruinneas ag Dún na nGall anois agus seansanna á gcur amú go tréan is go rialta.

Mar sin féin agus sruth na himeartha leo druideadh an bhearna diaidh ar ndiaidh agus Ó Murchú, nár scóráil ón imirt sa chluiche, anois ar imeall na cearnóige bige sa deireadh thiar thall. 11-8; 11-9; 11-10, Mac Briartaigh faoi thrí agus ba ríléir tuirse Mhuineacháin.

Gheobhadh Dún na nGall seans amháin eile.

Bhí fear de bhunadh Mhuineacháin taobh liom ag bárcadh allais; bean as Dún na nGall romham ag scairteadh in ard a cinn – agus bhí an liathróid neadaithe i lámha Phádaí Mhic Bhriartaigh.

Ar feadh mionsoicind, chualathas dom gur tharraing a raibh ann anáil thostach.

Níor raibh a dhath tostach faoi cheiliúradh Mhuineacháin ar ball beag! Phlodaigh na sluaite isteach ar an pháirc leis na laochra s’acu a phlúchadh agus ba ghlórmhar an radharc iad ag Conchúr Mac Mánais is an corn ina sheilbh aige.

Agus Gaillimh rompu amach anois, is ábhar imní ag Dún na nGall é gur éirigh le Muineachán na tosaithe s’acu a phlúchadh a oiread sin inné, go háirithe sa chéad leath.

Chítear dom go bhfuil sé in am Mícheál Ó Murchú a úsáid mar lántosaí ón tús, Mac Briartaigh, Mac Pháidín, Mac Niallais, is an bheirt Mhac Aoidh beo ar an imirt bhriste ná ar na grabhróga seilbhe a fhágfaidh sé, muna bhfaigheann fear Ghleann tSúilí féin scór.

Tá tosaithe ag Dún an nGall atá ar chomhchaighdeán le tosaithe ar bith sa tír ach níl ‘cead imeartha’ acu. Cur amú scile agus cumais dar liom féin.

Tá gach foireann in Éirinn ar an eolas faoin stíl cosanta faoin am seo agus leoga aithris déanta uirthi fosta. Ní ‘buntáiste’ a thuilleadh í.

Caithfear na lancaisí a bhaint de thosaithe Dhún na nGall agus cead a gcinn a thabhairt dóibh. Ní bhfuair ach tosaí amháin scór ón imirt inné – cúilín amháin. Peaca marfach peile.

Ach ba le Muineachán an lá … agus an oíche fosta … go maidin gan pheaca, déarfainn!

Close
Close