Aoi spóirt speisialta ar cuairt i nGaelscoil na bhFál

Thug Toni Leigh Finnegan cuairt ar Ghaelscoil na bhFál ar na mallaibh chun seisiún traenála sacair a ghlacadh le daltaí na scoile. Is iardhalta de chuid na scoile í Toni Leigh agus d’fhreastail sí ar Choláiste Feirste chomh maith.

Imríonn sí d’fhoireann ban Cliftonville agus d’fhoireann Thuaisceart na hÉireann, a cháilligh do chomórtas na hEorpa níos luaithe i mbliana.

Bhí lucht na scoile ar bís chun Toni Leigh a fheiceáil ar ais i nGaelscoil na bhFál, áit ar thosaigh sí ar a haistear oideachais agus Gaeilge.

Labhair leas-phríomhoide na scoile, Seán Fennell, faoi thábhacht spórt na mban agus faoin tábhacht a bhaineann le cailíní óga a spreagadh i dtreo an spóirt.

Close
Close