An corr-chluiche corrach

An corr-chluiche corrach
dun na ngall - peil
dun na ngall - peil

Dónall Mac Giolla Chóill

Seo a leanas tras-scríobh de ghnáth-chomhra a bhíonn agam ar a laghad cúpla uair gach samhradh:

Mo Dhuine: “Tá ag éirí go maith le Dún na nGall…”

Mé Féin: “Hmmh?!”

MD: “Dún na nGall! Tá siad ag imirt go maith, tá seans maith acu ar an Domhnach.”

MF: “Ó! Tchím” (Bréag ghlan) “Agus… cé lena bhfuil siad ag imirt?”

MD: “Corcaigh.”

MF: Casacht bheag agus mé ag tabhairt faoi dhianscrúdú a chur ar bharr mo bhróige. “Agus cén cluiche atá ann?”

MD: Tost neirbhiseach.

MF: Tost neirbhiseach, agus tomhas glan á dhéanamh agam: “Peil?”

Ag an phointe seo, an mhórchuid den am, tuigeann mo dhuine go bhfuil mé chomh haineolach faoi chúrsaí spóirt is atá mé faoi fhás na fíor-olltáirgeachta intíre i bPrionsacht Lichtinstéin, agus ligeann sé dom. Bhuel i bhfírinne don chuid eile den lá déanann sé me a sheachaint.

Ach bíonn corrdhuine ann – agus is díol trua iad i bhfírinne – nach dtuigeann, agus leanann siad ar aghaidh ag cur isteach orm agus ag tógáil ó mo chuid leitheoireachta agus mo chuid pléisiúir, agus leanann siad ar aghaidh leis an chomhrá.

Luann siad comh maith is atá ag éirí le McGuinness agus a leithéid, amhail is go n-aithneoinn na hainmneacha seo.

Agus na bróga scrúdaithe agam ó ladhar go sáil faoin am seo, déanaim iarracht páirt inteacht a ghlacadh sa chomhrá, de ghnáth tré mo chloigeann a chroitheadh agus corr “hmm” agus fíor-chorr “haah” a scaoileadh uaim, mo leathshúil dírithe ar an chlog agus an tsúil eile ar aon bhealach éalaithe.

Tuigim an grá atá ag daoine do chúrsaí spóirt – tuigim grá agus tuigim chomh maith gealtacht, agus i measc lucht spóirt is beag an difear.

Chuir me samhradh measartha gruama tharam leis na Cluichí Oilimpeacha agus ag deireadh na n-imeachtaí ar fad chuir cara liom as Yorkshire in iúl domh go bhfuair a gcontae níos mó bonn Oilimpeach ná go leor tíortha móra fiú.

Ansin bhí an cluiche idirnáisiúnta cruicéid ar siúl, agus duine ar bith a bhfuil aithne acu ar dhaoine ó Yorkshire tuigfidh siad mo chás cásmhar.

Tá mé níos eolaí anois ar riallacha cruicéid ná mar a ba mhian liom a bheith.

Ach de réir cosúlachtaí tá Tír Chonaill (mar a thugann aficionados CLG orthu) ag imirt i gcoinne Chorcaí ar an Domhnach agus iad faoi bhúir asail de Chraobh na hÉireann.

Fiche bliain ó shoin bhí an scéal amhlaidh.

1992, Meán Fómhair, mise sa chéad mhí den chéad bhliain ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair, tháinig an grúpa ceoil Na Casaidigh isteach le hamhrán a chanadh, darbh ainm ‘Tír Chonaill Abú’.

Cuireadh ar an eolas mé ag an am, 13 bliain d’aois agus soineanta go leor, go raibh Tír Chonaill ag imirt i gCraobh na hÉireann i gcoinne Átha Cliath, agus gurbh é seo amhrán a chum an tAthair Séan Ó Gallchoir – nó Peigí Rose dóibh siúd ata eolach ar chúrsaí litríochta – agus go raibh muidne chun éisteacht bheo a fháil.

Ó mo chuimhne, chuaigh an chéad véarsa mar seo a leanas:

“Glas agus Órga linn,

Brat agus meirgí linn,

Misneach agus mórgacht

Ag coipeadh inár gcroí…"

Agus bhí línte eile ar nós:

“Thógamar Sam linn,

Trásna na hÉirne linn,

Faoi cheannas Molloy linn,

Tír Chonaill Abú!”

Fiú fiche bliain ina dhiaidh tá cuimhne agam ar chuid de, agus sin éacht ann féin.

Giota ar ghiota agus píosa ar phíosa thóg me suim éigin sa chluiche agus thuig mé an choimhlint fhiochmhar a bhí idir an da chontae.

Bhí craoltóir ann (agus is ann dó go fóill) Gay Byrne ar RTÉ a d’fhógair a chuid tacaíochta do Thír Chonaill, tréas i gcoinne Átha Cliath, agus is maith is cuimhin liom ar an Domhnach cinniúnach úd nuair a chonaic muid ar an scáileán meirig i measc lucht na príomhchathrach: “You can have Gaybo but you can’t have SAM!”

Bhain Tír Chonaill ar an lá ar ndóigh agus thiocfadh liom a admháil go fírinneach gur sin an cluiche deireanach ar amharc mé air ó thús deireadh le haon suim ar leith.

An Domhnach beag seo agus an cluiche leathcheannais á imirt, beidh mé ag an bheár agus mé ag cur spéise sa chluiche – masla ar an chontae dúchais a bheadh ann dá mbeinn i mBéal Feirste ag léamh an Sunday World agus buachaillí Chonaill ag imirt, agus ní bheadh meas ag na Feirstigh orm ach an oiread.

Agus má bhaineann ‘muid’, beidh mé sona sásta, agus éileoidh mé na piontaí traidisiúnta saor in aisce don té atá gaolta le, ar a laghad, leath na foirne.

Má chailleann ‘siad’, déarfaidh mé nach as Dún na nGall mé ar chor ar bith ach as Glaschú na hAlban, agus ansin croithfidh mé mo chloigeann agus scrúdóidh mé mo bhróga agus mo dhuine ag déanamh mion-chur síos ar na deacaireachtaí a bhaineann le Rangers FC agus an SPL, cibé rud sin.

Tír Chonaill Abú!

Close
Close