An bhfuil ról lárnach ag CLG i do cheantar?

Inné bhí alt ag Damien Ó Dónaill ar na cluichí atá fágtha i gCraobh Uladh.

Scríobh sé: “Tá mo chroí agus mo chloigeann ag rá go mbainfidh Dún na nGall Craobh Uladh i mbliana. Ach ag Dia atá a fhios, níor mhaith liom geall a chur ar chluiche ar bith i gCraobh Uladh. Gan aon dabht, an cúige is láidre ó thaobh na peile de in Éirinn.”

Tháinig clú ar fhoireann Naomh Columba, Gleann Cholmcille, ar na maillibh agus iad thíos ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Maigh Cullinn. Bhí an fhoireann de 30 ag filleadh ó chluiche nuair a chonaic siad fear ag tiompú móna leis féin, agus leis sin léim an 30 acu ón bhus le cuidiú leis, agus torthaí a gcuid oibre le feiceáil thuas.

Tá club CLG i mbeagnach achan bhaile in Éirinn, agus é mar chroí agus cuisle an cheantair sa chuid is mo acu.

Chuaigh Meon Eile amach le fiosrú cén ról atá ag CLG i measc an phobail…

Close
Close