Ag iomáint i gcathaoir rothaí

Tá ráchairt mhór ag teacht ar spórt úr i gCúige Uladh – iománaíocht na gcathaoireacha rothaí.

Beagnach dhá scór duine atá ag tabhairt faoin spórt sa chúige.

Siar i mí na Samhna anuraidh a cuireadh tús leis an chineál seo iomána i mBéal Feirste agus ó shin tá ionaid oscailte i nDoire, in Inis Ceithleann agus tá ionad úr le foscailt i bPort an Dúnáin go luath.

Reáchtáladh sraith idirchúige don chéad uair i mbliana. Is ionann bunphrionsabal an leagain seo den iomáint agus an leagan ar an pháirc imeartha.

An difear is mó ná nach féidir ach cúl a scóráil, ní cheadaítear sliotar a thógáil thar airde ghualainne. Imrítear seisear ar an taobh: cúl báire, beirt chosantóir, lár páirce agus beirt tosaithe.

Seo chugaibh léargas ar imirt agus ar fhorbairt an mhodha iomána seo…

Iomanaíocht
Close
Close