Ag dul i ngleic le ciníochas

Cuirtear ciníochas in iúl trí bhealaí éagsúla ar nós ionsaithe briatharta agus fisiciúla, leithcheal agus graifítí. Tá fadhb mhór le ciníochas in Éirinn agus ar fud na cruinne agus bíonn iarracht á déanamh i gcónaí le dul i ngleic leis. Le deanaí bhí Corn Domhanda Sacair Frithchiníochais ar siúl i mBéal Feirste. Ghlac foirne as Éireann páirt ann chomh maith le foirne ón Ghearmáin, Congó, an Phalaistín, Alba, Sasana agus Cúba. Téann an blitz sacair i bhfeabhas gach bliain agus tá sé anois mar cheann de na tionscnaimh phobail frithchiníochais is mó in Éirinn. Bhí Sarah de Búrca ann chun níos mó eolais a fháil.

Ag dul i ngleic le ciníochas / Sarah de Búrca

I mbliana bhí an bua ag foireann áitiúil – Glenbawn ó Bhéal Feirste. Ach bhí gach duine an-sásta leis an toradh.

Close
Close