Aeracha Uladh

Nuair a bunaíodh na Gaeil Aeracha cúpla bliain ó shin, spreag siad grúpaí aeracha eile ar fud na tíre le cumann s’acu féin a bhunú.

Ceann acu sin ná Aeracha Uladh a cuireadh ar bun i mBéal Feirste i mí Aibreáin. Thosaigh na himreoirí - meascán d'fhir agus de mhná ón phobal LADT - ag traenáil i mí Bealtaine agus is mór an grá atá acu don spórt trí chéile, agus don pheil Ghaelach go háirithe. 

Bhuail Meon Eile leo ag Páirc Lámh Dhearg i mBéal Feirste, áit ar labhair muid le beirt ón fhoireann, Aoífe Thomas agus Daithí Ó hAileanáin, faoin tábhacht atá le clubanna spóirt a fhreastalaíonn ar an phobal aiteach.

Níl le déanamh agat ach dul i dteagmháil le hAeracha Uladh má tá spéis agat a bheith ag imirt leo.

Close
Close