Uirlis agus saothar saoil ceoltóra goidte i mBéal Feirste

Cúpla seachtain ó shin bhí an ceoltóir Stíofan Ó Luachráin i mbun ócáide i mBéal Feirste agus bhí a chuid treallaimh fágtha sa charr aige agus é faoi ghlas i gcarrchlós. Nuair a tháinig sé ar ais chuig an ghluaisteán, bhí an fhuinneog briste agus cuid de na rudaí is tábhachtaí dó ar domhan goidte.

Chaill sé riomhaire glúine, roinnt micreafón agus cábla ach ar na rudaí is mó bhí tiomántán crua agus feadóg mhór an-luachmhar. Bhí Stíofán i ndiaidh cuid mhór amhrán a chumadh agus a choinneáil ar an tiomántán, mar aon le ceol eile agus nithe ón ollscoil. A shaothar saoil go bunúsach.

Tá súil mhór aige go mbeidh sé in ann an fheadóg mhór a fháil ar ais ach tuigeann sé go bhfuil seans maith ann go bhfuil achan rud eile caillte.

Má bhíonn aon eolas ag duine ar bith faoina chuid treallaimh, bheadh Stíofán buíoch dó as teagmháil a dhéanamh anseo.

Close
Close