Uachtarán nuacheaptha Chonradh na Gaeilge - Paula Melvin

Toghadh Paula Melvin ina hUachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis an Chonartha i mí Feabhra 2022.

Tá neart spriocanna ag Paula agus í ag amharc ar an bhliain amach roimpi mar Uachtarán: is mian léi díriú isteach ar an ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht agus a bheith gníomhach i leith an fheachtais ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Deir Paula nach é an tUachtarán an duine is tábhachtaí i gConradh na Gaeilge ach na baill sna craobhacha iad féin fud fad na tíre. 

Is léir go bhfuil Paula ar bís agus spreagtha lena ról úr agus tá sí ag súil leis an taithí agus na dúshláin atá roimpi.

Close
Close