Turas Teaghlaigh go W5 eagraithe ag Glór na nGael

Cuireadh Turas Teaghlaigh go W5 ar siúl ar na mallaibh, lá lán spraoi, foghlama agus comhluadair do theaghlaigh Ghaeilge atá mar chuid de 'Teanga Tí', scéim de chuid Ghlór na nGael.

Bhí an deis ag teaghlaigh dul timpeall W5 ar an lá agus sult agus tairbhe a bhaint as na gníomhaíochtaí go léir. Chomh maith leis sin, bhí ceardlann idirgníomhach eagraithe don ghrúpa, le baill den fhoireann i mbun an teagaisc. 

D'fhreastail Meon Eile ar an lá fosta agus labhair muid le hOifigeach Forbartha Teanga Tí, Niamh Ní Mhóra, a d'eagraigh an t-imeacht.

Close
Close