Teach Solais Fhánada ag cur beocht úr i dtuaisceart Dhún na nGall

Tá Teach Solais Fhánada suite i dtuaisceart Dhún na nGall, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus mealltar na sluaite de thurasóirí ann achan bhliain.

Osclaíodh an teach solais den chéad uair ar an 17 Márta 1817. Is teach solais uathoibríoch é ó bhí 1983 ann.

Athosclaíodh mar ionad turasóireachta é sa bhliain 2016 tar éis do 'Irish Lights' maoiniú a aimsiú lena dheisiú.

Is féidir anois turas treoraithe den teach solais a dhéanamh chomh maith le fanacht i gceann de na trí theach atá ar an suíomh.

Chuaigh Meon Eile a fhad le Teach Solais Fhánada chun labhairt le bainsiteoir na háite, Eimear Ní Mhathúna.


Close
Close