Seó na Nollag speisialta i mbliana do pháistí Ghaelscoil Neachtain

Beidh seó na Nollag go fóill ag tarlú i nGaelscoil Neachtain i mbliana ach ní ar nós na mblianta roimhe seo. Thug Meon Eile cuairt ar an scoil le fáil amach cad é go díreach atá ar bun ag daltaí agus múinteoirí na scoile.

Beidh gach rang sa scoil ag ullmhú radharc don seó. Déanfar taifeadadh ar gach radharc agus ansin cuirfear iad ar fad le chéile chun an seó iomlán a chruthú. Beidh an seó le fáil ar líne nó ar DVD agus beidh an t-airgead a shaothraíonn an scoil ag dul i dtreo Chumann Naomh Uinseann de Pól.

Beidh gach rang ag déanamh taifeadadh ar ‘scáileán glas’ a chruthaigh cúpla múinteoir don seó. Sa dóigh seo, beidh siad in ann cúlraí éagsúla a chur taobh thiar de na páistí agus iad ag aisteoireacht. 

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint lena bheith ag déanamh seó leis an scáileán glas, dar le Múinteoir Ellen. Mar shampla, bíonn roinnt páistí neirbhíseach ar an ardán agus b’fhearr leo a bheith sa seomra ranga ag taifeadadh le níos mó daoine. Ar an lámh eile, ní bhíonn an t-atmaisféar céanna i gceist leis an seó, gan lucht féachana ann.

Tá na hullmhúcháin go léir faoi lán seoil i nGaelscoil Neachtain agus tá na daltaí agus an fhoireann ar fad ag súil go mór leis. Go n-éirí go geal leo!

Close
Close