Seachtain Náisiúnta na gCuibhreann

Seachtain náisiúnta na gcuibhreann, nó na ngarraithe scóir, atá ann faoi láthair agus ceiliúradh á dhéanamh ar an áis iontach seo.

I mbarúil go leor, go háirithe iad siúd a chónaíonn i gceantair uirbeacha, níl áit níos fearr ar domhan ná an cuibhreann s’acu - iad amuigh faoin aer, an dúlra thart orthu, ag fás a gcuid bia féin, spás le sos a ghlacadh ón saol.

Bhuail Meon Eile le Fionnghuala Nic Oitir, Príomhoide Bhunscoil an Droichid i mBéal Feirste, agus thug muid cuairt ar an chuibhreann atá aici ar Bhóthar an Ghleanna.

Tá spéis mhór aici sa gharraíodóireacht agus cuireann sí torthaí agus glasraí sa chruibheann, agus déanann sí a scíth sa tearmann beag glas go minic.

Dá mba mhian leat tuilleadh eolais faoi na garraithe scóir, tabhair cuairt ar http://www.allotments.ie/https://www.allaboutallotments.co.uk/associations-northern-ireland

Close
Close