Seachtain Náisiúnta na Síne á ceiliúradh in Éirinn

Seachtain Náisiúnta na Síne atá ann an tseachtain seo, nó ‘An tSeachtain Órga’ mar a thugtar air sa tSín.

Bhí cúrsa cultúrtha faoin tSín á reáchtáil ag Raidió Fáilte ar na mallaibh agus é mar chuid de shraith imeachtaí arb é is aidhm dóibh níos mó eolais a scaipeadh faoi na mionlaigh eitneacha atá ina gcónaí anseo in Éirinn.

Thug sé deis do dhaoine  foghlaim faoi bhia, cultúir agus teanga na Síne.

Labhair Meon Eile le Séamus Mac Aindreasa ón stáisiún faoin imeacht féin agus le Léi Yuányuan atá ag obair le hInstitiúid Confucius ag Ollscoil Uladh i mBéal Feirste a rinne cur síos ar an am atá caite aici anseo agus ar an tseachtain mhór seo don phobal Síneach áitiúil.

Close
Close