Seachtain na gCrann 2019


Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain na gCrann mórthimpeall na tíre an tseachtain seo caite, imeacht bliantúil ina n-ardaítear feasacht ar chúrsaí timpeallachta agus ina gcuirtear na mílte crann i suíomhanna pobail ar nós scoileanna agus páirceanna. 

Is comhoibriú í an scéim seo idir Comhairle Crann na hÉireann, Coillte agus Tionscail Foraoise Éireann / Forestry Industries Ireland agus tríd an scéim bronntar 15,000 crann le plandáil gach bliain.   

Chuaigh Meon Eile chuig Scoil Naomh Finnian, bunscoil i gcontae an Lú, chun blaiseadh a fháil den chineál togra a bhí ar bun acu chun suim páistí óga a chothú i gcúrsaí timpeallachta agus chun oideachas níos cruinne a thabhairt dóibh faoi fhorbairt na bithéagsulachta agus faoin athrú aeráide.  

Stiúir leas-uachtarán Chomhairle Crann na hÉireann, Éanna Ní Lamhna, ceardlanna do pháistí agus chaith siad an mhaidin ag plandáil crann timpeall na scoile, an fhearnóg agus an crann coill go háirithe.

Faoin am a chríochnaíonn na páistí sin an scoil beidh na crainn fásta chomh maith. 

Tuilleadh eolais: https://treecouncil.ie

Close
Close