Tá Glór na Móna ag cur seirbhísí ar fáil do phobal Uachtar Chluanaí le breis agus 20 bliain anuas. Ceann de na chéad seirbhísí pobail a chur siad ar fáil ná ranganna Gaeilge, agus tá fás go fóill ag teacht orthu bliain i ndiaidh bliana.
Thug Meon Eile cuairt ar Ghlór na Móna ag tús an téarma ar na mallaibh, áit ar labhair muid le hEoghan Ó Conghaile agus Brenda Uí Chléirigh faoin rath atá ar na ranganna Gaeilge go dtí seo agus na spriocanna atá acu don bhliain foghlama atá amach romhainn.


