Seachtain 'Fás do chuid bia féin'

Chun an tseachtain feasachta 'Fás do chuid bia féin' a cheiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar Ghairdín an Phobail i mBéal Feirste, áit a bhfuil neart torthaí agus glasraí ag fás.

Thug Gairdín an Phobail cuireadh do scoileanna áitiúla teacht agus foghlaim faoin dúlra agus na bláthanna ar leith is féidir a ithe. Rinne na daltaí babhla mór sailéid agus bhailigh siad roinnt bláthanna le cur ar phíotsaí chomh maith.

Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine óga cá háit as a dtagann a gcuid bia, a dúirt Pauline O'Flynn.

Labhair Meon Eile le daltaí Choláiste Feirste, le Ciar Nic Giolla Cheara, múinteoir ó Ghaelscoil na Móna, agus le Pauline O’Flynn, a bhíonn ag obair i nGairdín an Phobail. 

Close
Close