Jane Nic Uilliam, Niamh Ní Ruadhagáin
Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich dubh le daoine ag an deireadh seachtaine don chéad bhliain de Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin, féile a eagraíodh in ómós don laoch ar lár, Gearóid Ó Cairealláin.
Is é Eoghan Ó Néill, iriseoir agus dlúthchara le Gearóid, príomheagraí na Scoile agus i measc na n-imeachtaí bhí pléphainéal ar an Ghaeilge agus ar mhionteangacha Ceilteacha sna meáin sa lá atá inniu ann, ceardlann iriseoireachta do pháistí, taispeántas grianghráfanna a bhain le saol Ghearóid, agus siúlóid threoraithe i gceantar na bhFál ar na háiteanna a bhfuil baint ag fiontair éagsúla Ghearóid leo.
Tháinig daoine ó fud fad na tíre le páirt a ghlacadh sna himeachtaí: Gerry Adams, Alan Titley, Ciarán Ó Feinneadha agus Milène Fegan ina measc. Dúirt Áine Ní Bhreisleáin, iriseoir agus craoltóir as Gaoth Dobhair, go raibh baint mhór ag Gearóid Ó Cairealláin leis an chaidreamh idir an Ghaeltacht agus Iarthar Bhéal Feirste a neartú.
Labhair Ainle Ó Cairealláin, mac le Gearóid agus podchraoltóir, ar phainéal cainte agus dúirt sé go bhfuil an chéad ghlúin eile ag leanstan leis an obair a rinne a athair agus gur am deas é an geimhreadh chun machnamh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Ghearóid.


