Scéal Dháithí ag spreagadh daoine le clárú mar dheontóirí orgán

Tá Seph Ní Mhealláin agus Máirtín Mac Gabhann ó Iarthar Bhéal Feirste ag ardú feasacht faoi dheonú orgán tar éis dóibh an scéal a fháil i mí Eanáir na bliana seo go bhfuil transphlandú croí de dhith ar a mac 21 mí d'aois, Dáithí.

Rugadh Dáithí sa bhliain 2016 agus Siondróm Hipeapláiseach Croí Clé air, galar croí neamhchoitianta a chiallaíonn nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart.

Chuaigh Dáithí faoi scian thall i Londain roinnt uaireanta ó rugadh é agus bhí a thuismitheoirí ag súil go rachadh sé arís faoi scian i gcionn cúpla bliain.

Ach, ar an drochuair, fuair siad scéal níos luaithe i mbliana nach mbeadh na doctúirí in ann a dhath eile a dhéanamh dó agus gur aistriú croí an t-aon rogha atá ann anois do Dháithí óg.

Tá Dáithí cláraithe le hospidéal i gCaisleán Nua Shasana agus a thuismitheoirí ag fanacht ar an ghlaoch go bhfuil croí ann dó achan lá.

Idir an dá linn, tá feachtas rathúil á reachtáil acu chun feasacht a ardú faoin tábhacht a bhaineann le bheith i do dheontóir orgán.

Faoi láthair, tá 43% de phobal an tuaiscirt ar an Chlár Deontóirí Orgán.

Tá sé mar aidhm ag Seph agus Máirtín an líon daoine sin a ardú go suntasach.

Is féidir scéal Dháithí agus an feachtas a leanstan ar a leathanach Facebook agus Twitter

Is féidir clárú ar Chlár Deontóirí Orgán an NHS anseo.

Close
Close