Saoire & saoirse ag campaí samhraidh Oileán Ghabhla

Tá tús curtha le campa samhraidh úrnua ar Oileán Ghabhla atá suite trí mhíle amach ó chósta Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Maoinithe ag Muintearas, tá an campa samhraidh á reáchtáil ag Cumann Staire agus Seanchais na nOileán.

Tá béim ar leith ar stair, cultúr, saibhreas teanga agus teicneolaíocht.

Tugann an campa samhraidh seo deis do pháistí aithne a chur ar an oileán, chomh maith le neart spóirt agus spraoi a bheith acu cois farraige.

Agus an rud is deise ar fad ná go dtugann seo beocht ar ais go dtí an t-oileán féin.

Chaith ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill lá ina gcuideachta an tseachtain seo agus labhair sé le stiúrthóir champa samhraidh Ghabhla, Mairéad Nic Suibhne.

Tá tuilleadh eolais faoin champa samhraidh le fáil ANSEO


Close
Close