Rún a bheith níos aclaí sa bhliain úr

Is cinnte go mbíonn muid uilig ag ithe agus ag ól níos mó ag an Nollaig ná ag aon am eile den bhliain. De ghnáth bíonn seo á dhéanamh againn agus muid den tuairim go mbeidh muid níos aclaí agus níos sláintiúla sa bhliain úr.

In amanna bíonn sé níos deacra ná mar a shíleann muid tús a chur leis an aclaíocht arís. Labhair Órla Nig Oirc le Meon Eile faoin turas aclaíochta a bhí aici 6 bliana ó shin nuair a chinn sí athrú saoil a bheith aici i mí Eanair. 

D’athraigh sí a haiste bia ag an am agus chinn sí níos mó mó aclaíochta a dhéanamh go rialta. Tugann sí comhairle faoin dóigh is fearr le toiseacht amach ar bhóthar na sláinte agus an dóigh ar féidir leat caidreamh a chothú leis an ghiomnáisam gan barraíocht brú a chur ort féin.

Tugann Órla léargas ar an tionchar a bhíonn ag an aclaíocht ar an mheabhairshláinte agus an dóigh a gcuidíonn an aclaíocht linn slí mhaireachtála fheabhsaithe a bheith againn.

Close
Close