Réaltaí móra i láthair le Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh i mBaile Átha Cliath inné

Tráthnóna inné, bhí Miriam O’Callaghan, Art Parkinson agus Micheál Ó Ciaraidh i láthair i gcuideachta Eoghan McDermott leis an fhéile dhomhanda Seachtain na Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil i gceanncheathrú idirnáisiúnta Facebook i mBaile Átha Cliath.

Tá Seachtain na Gaeilge ar cheann de na féilte is mó in Éirinn agus reáchtáiltear í ar fud na cruinne gach bliain ón 1-17 Márta. 

Is féile í a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn. 

Ghlac chóir a bheith milliún duine ó 13 thír éagsúla páirt san fhéile anuraidh.

Tá lucht na féile ag obair i dtreo rannpháirtíocht na bliana seo caite a shárú agus na mílte imeacht beartaithe do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana.

Níl an dara rogha ag daoine ach triail a bhaint aisti!

Féach ar www.peig.ie le feiceáil cad atá ag tarlú i do cheantar!

Close
Close