Raidió Fáilte beo ón Áras

Bhí craoladh beo speisialta ag Raidió Fáilte, stáisiún raidió pobail Gaeilge Bhéal Feirste, i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain ar na mallaibh.

Cuireadh an t-imeacht ar siúl mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbliana agus bhí aoichainteoirí den scoth taobh thiar den mhaidhc ag déanamh plé ar gach cinéal ábhar i rith an lae.

Ina measc bhí Cuisle Nic Liam agus Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge; Cathaoirleach Áras Mhic Reachtain, Art Hughes; Tricia Ní Chearra, Stiofán Carson, agus Caoimhín Mag Aoidh; na ceoltóirí agus dlúthchairde, Miadhachlughain O’Donnell agus Seosamh Mac Cathmhaoil Mac Ardail; chomh maith le foireann Áras Mhic Reachtain, Ferdia McCorsain, Dáithi Mac Uait agus Tomás Ó Néill.

Labhair Meon Eile le craoltóir de chuid Raidió Fáilte a bhí ag obair ar an lá, Neil O Briain, agus le hOifigeach Stráitéiseach Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Tomás Ó Néill, faoin tábhacht taobh thiar den chomhpháirtíocht idir an dá eagraíocht agus an tábhacht le craoladh a dhéanamh ar an chinéal imeachta seo, beo i measc an phobail.

Close
Close