Pop-Up Gaeltacht de chuid Turas

Chuir an eagraíocht Ghaeilge ‘Turas’ as oirthear Bhéal Feirste Pop-Up Gaeltacht ar bun ar na mallaibh. Is i dteach tábhairne an Boundary in oirthear na cathrach a reáchtáltar an t-imeacht de ghnáth ach an uair seo cuireadh ar siúl é san American Bar i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Bhí scaifte breá i láthair ar an oíche le comhrá agus cairdeas a dhéanamh le Gaelgeoirí eile, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí de chaighdeáin éagsúla.

D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid le labhairt le cuid d’fhoireann Turas faoi na buntáistí a bhaineann le saol sóisialta a chothú trí mheán na Gaeilge.

Close
Close