Pobal an Ghleanna - grúpa úr Gaeilge i dTír Eoghain

Pobal an Ghleanna -  grúpa úr Gaeilge i dTír Eoghain

Os cionn 100 duine a thriall ar Ionad Peile Gharbh Achaidh le haghaidh sheoladh ‘Pobal an Ghleanna’, grúpa úr Gaeilge atá curtha ar bun leis an teanga a chur chun cinn i nGleann an Chlochair i ndeisceart Thír Eoghain.

Deir Cathaoirleach Phobal an Ghleanna, Mark Harte, go bhfuil "an grúpa ag teacht le chéile ionas gur féidir daoine a tharraingt le chéile ó na sráidbhailte beaga fud fad an cheantair. Bhí an Ghaeilge i gcónaí láidir anseo ach bhí muid scartha agus inár bpócaí beaga. Tá muid ag teacht le chéile anois mar is ceart den chéad uair,” arsa Harte.

Deir Ursula Uí Dhonnaile ó choiste Phobal an Ghleanna gur mhian leo cuidiú le teaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge. “Tá teaghlaigh sa cheantar ag úsáid na Gaeilge mar theanga an bhaile. Tá muidne ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge agus ba mhaith linn tacaíocht a thabhairt go dtí teaghlaigh eile atá ag déanamh an rud céanna.”

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta oíche an tseolta. Seo mar a labhair bunaitheoirí Phobal an Ghleanna linn faoin ghrúpa, faoin teanga sa cheantar agus faoin mhéid atá rompu amach anseo…

Pobal an Ghleanna
Close
Close