Parkrun bándearg ar mhaithe le Dlí Dháithí

Inniu tiocfaidh Dlí Dháithí i bhfeidhm sa tuaisceart agus, chun sin a ceiliúradh, bhuail daoine le chéile i bPáirc na bhFál le Parkrun bándearg a dhéanamh ar son an trasphlandaithe.

Is toradh é Dlí Dháithí ar fheachtas cúig bliana atá á reáchtáil ag Seph Ní Mhealláin agus Mairtín Mac Gabhann, tuismitheoirí Dháithí, buachaill óg atá ar liosta feithimh trasphlandaithe orgáin ó rugadh é. Ón lá inniu ar aghaidh, clárófar gach duine sa Tuaisceart go huathoibríoch mar dheontóir orgáin.

Parkrun 5k a bhí ann agus bhí a gcuid páirtí i gcuideachta go leor de na rannpháirtithe. Chomh maith leis sin, chaith formhór acu an dath bándearg atá nasctha leis an fheachtas Donate4Dáithí.

Thug Meon Eile cuairt ar Pháirc na bhFál áit ar labhair muid le Roisín McShane, duine de lucht eagraithe na hócáide, agus le Seph Ní Mhealláin, a thug Dáithí léi leis na reathaithe a ghríosú. 

Is feidir tuilleadh eolais faoi Donate4Dáithí a fháil anseo. Agus tá eolas anseo faoi Parkrun, Páirc na bhFál.

Close
Close