Oifigeach Forbartha Gaeilge Ghaelphobal Ard Mhacha Theas - Bridie Ní Shúilleabháin

Cuireadh tús le Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 de chuid Fhoras na Gaeilge an mhí seo. Mar chuid den scéim seo, bíonn deis ag eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre oifigigh forbartha Gaeilge a cheapadh chun tabhairt faoi dhul chun cinn agus spreagadh na Gaeilge sa cheantar áitiúil.

Inár sraith nua, buailfidh Meon Eile le roinnt de na hoifigigh forbartha seo ó gach charn de Chúige Uladh. An tseachtain seo, is go hArd Mhacha Theas a chuaigh muid.

Is í Bridie Ní Shúilleabháin ón Mhullach Bán an chéad Oifigeach Forbartha Gaeilge a ceapadh ar son Ghaelphobal Ard Mhacha Theas i mbliana. Bhuail Meon Eile le Bridie le labhairt léi faoin phost úr agus faoi na dúshláin atá roimpi mar an chéad oifigeach forbartha. 

Tá Bridie ar bís le tabhart faoin phost nua agus tá sé ar intinn aici neart imeachtaí a eagrú sa cheantar go luath. Níl sí róbhuartha faoin phaindéim faoi láthair agus tá sí ag súil le roinnt ranganna, dianchúrsaí agus laethanta teaghlaigh a eagrú nuair is féidir léi.

Aithníonn Bridie go bhfuil roinnt dúshlán i gceist leis an phost, mar shampla, daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge, ach tá sí dóchasach faoin am atá le teacht.

Close
Close