Oíche shóisialta na nGael i Lár Uladh


D'eagraigh na grúpaí áitiúla Gaeilge Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta oíche shóisialta le déanaí in Óstán The Terrace i Machaire Fíolta, Co. Dhoire, le deis a thabhairt do mhuintir na háite bailiú le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid. Bealach iontach a bhí san óiche leis an teanga a normalú i gceantar a raibh an-tábhacht leis le linn Athbheochan na Gaeilge.

Bhí an teaghlach ceolmhór Clann Uí Mhaolchalainn i mbun ceoil ar an oíche agus bhí an slua gafa lena gcuid ceoil idir cheol traidisiúnta agus ghormacha Mheiriceá.

Tá cúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge ag dul ó neart go neart i Lár Uladh agus is léir go bhfuil fonn foghlama ar thuismitheoirí anois an teanga a thabhairt leo chomh maith.

Tá na céadta ag freastal ar ranganna éagsúla sa cheantar agus chinn Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta an ócáid a bheartú sa dóigh is go mbeadh deis ag na foghlaimeoirí an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga.

Labhair Meon Eile le Conchúr Ó Muirí, Neil Comer agus le Clann Uí Mhaolchalainn faoin fheabhas atá tagtha ar shaol na Gaeilge sa cheantar ar na mallaibh.

Close
Close