Obair iontach in ainm Kevin

Katie McGreal

Cosnaíonn sé thart ar €8000 nó €9000 corp a thabhairt ar ais go hÉirinn ó Nua-Eabhrac.

Ní raibh ar chlann Kevin Bell a bheith buartha faoi na billí sin nuair a fuair Kevin bás go tragóideach i Nua-Eabhrac in 2013.

Bhí Kevin ina chónaí i SAM ar feadh 10 mí nuair a bhuail carr é agus é ag teacht amach as tacsaí i ndiaidh oíche amuigh.

Bhí sé ag obair do chomhlacht tógála ag an am agus d’íoc an comhlacht na billí móra le corp Kevin a thabhairt ar ais go dtína mhuintir in Iúr Cinn Trá.

Fós féin, tháinig cairde na clainne le chéile agus thosaigh siad ag bailiú airgid le cabhrú leo.

Ní raibh an t-airgead ag teastáil ón gclann ach d’iarr Colin, athar Kevin, ar dhaoine leanacht leis an mbailiúchán.

“D’iarr mé orthu gan stopadh. Dúirt mé nach Kevin an duine deireanach a bheadh ag teacht abhaile,” arsa Colin.

Agus b’sin an chéad síol don charthanacht.

Bhunaigh clann Kevin ‘The Kevin Bell Repatration Trust’ in ómós do Kevin.

Is carthanacht é a chuireann tacaíocht airgid ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh corp duine a chailleadh go tragóideach thar lear abhaile.

Sular bunaíodh an carthanas seo ní raibh tacaíocht ar fáil ón rialtas nó ó dhream ar bith eile d’éinne a bhí ag iarraidh coirp a thógáil abhaile.

Tá an-éileamh ar an tseirbhís a chuireann an Kevin Bell Repatriation Trust ar fáil.

Chabhraigh siad le 130 corp a thabhairt abhaile as áiteanna ar fud fad an domhain go dtí seo.

“Ní raibh orainn diultú do dhuine ar bith de bharr easpa airgid go dtí seo, buíochas le Dia,” a deir Colin.

Faigheann siad bronntanais ó dhaoine ar chabhraigh siad leo agus d’éirigh leis an gcarthanacht maireachtáil ar an airgead sin.

Eagraíonn daoine ócáidí tiomsaithe airgid chomh maith.

“Bíonn clanna ar chabhraigh muid leo ag iarraidh airgid a bhailiú dúinn, agus an-chuid daoine eile.”

Ní bhfuair siad airgead stáit nó deontas ar bith sa trí bhliain a bhfuil siad ar an bhfód agus ní fhaigheann éinne atá ag obair ann aon airgead don obair sin.

Is iad clann Bell atá ag déanamh an chuid is mó den obair sin.

Oibríonn Colin leis go lánaimseartha anois toisc go bhfuil sé ar scór ón múinteoireacht.

“Níor thosaigh sé mar jab lánaimseartha,” a deir sé, “Ach sin atá ann anois.”

Déanann máthair Kevin an clóscríobh do Colin agus obair riaracháin, oibríonn a dheirfiúr Ciara agus cara leo, Damien Ruddy, ar mheáin shóisialta na heagraíochta agus oibríonn na deartháireacha leo freisin.

“Táimid sásta leis an éiteas clainne atá ag an gcarthanacht go dtí seo,” arsa Colin, “agus go bhfuilimid á dhéanamh in ainm Kevin.”

Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht ar fáil ar an suíomh http://kevinbellrepatriationtrust.com/ agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí Facebook agus Twitter nó glaoigh orthu ar (028 / 048) 3026 8752.

Close
Close