'Nollaig Shona' ar an Ómaigh

'Nollaig Shona' ar an Ómaigh

Den chéad uair riamh tá comharthaí ‘Nollaig Shona’ lasta i nGaeilge ar Theach Cúirte na hÓmaí i mbliana.

Lasadh soilse na Nollag ar an Ómaigh an tseachtain seo caite agus rinne pobal na Gaeilge ceiliúradh ar an chomhartha úr i nGaeilge.

Níor chuir aon duinne in aghaidh rún Shinn Féin ag cruinniú de Chomhairle Cheantair Fhear Manach agus na hÓmaí an comhartha Gaeilge a bheith mar chuid de shoilse na Nollag don bhaile i mbliana.

Bhí baill de chraobh Chonradh na Gaeilge an cheantair, Pobal ar a’n Iúl, iontach sásta leis an dul chun cinn mór seo don Ghaeilge sa cheantar.

Bhí Meon Eile leo agus iad i mbun ceiliúrtha.

Nollaig Shona ar an Ómaigh
Close
Close