'Cluichí Oilimpeacha' Missile Fitness ar son carthanacht áitiúil

Bhí Meon Eile i láthair ag lá na gcluichí oilimpeacha an tseachtain seo caite a d'eagraigh Sean McComb agus a chomhghleacaí Martin O'Hara le hairgead a bhailliú ar son carthanacht nuabhunaithe a théann i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte in iarthar Bhéal Feirste.

Labhair McComb, úinéir an ghiom Missile Fitness, faoin phlean atá acu lámh chuidithe a thabhairt don charthanacht nua, West Belfast Sports Wellbeing Forum. Mhínigh sé go mbeidh doirse na carthanachta oscailte le cuidiú a thabhairt do dhuine ar bith atá ag fulaingt lena shláinte mheabhrach.

Labhair Katy Rose Mead, ball de Missile Fitness, faoi imeachtaí an lae agus faoin phróiseas bailliúcháin airgid don lá spóirt. Rinne sí cur síos ar na cineálacha rásaí a bhí ar siúl agus faoin aitmeasféar leictreach idir na rannpháirtithe ar fad.

Tá tuilleadh eolais faoin charthanacht le fáil anseo: https://www.instagram.com/welbelforum2020/

Agus ar mheáin shóisialta Missile Fitness: https://www.instagram.com/misilefit/

Close
Close