Muineachán Le Gaeilge - obair mhór ar siúl


Tá feabhas mór tagtha ar shaol na Gaeilge i gContae Mhuineacháin le tamall anuas agus níl aon dabht ach go bhfuil ról lárnach ag an ghrúpa áitiúil ‘Muineachán le Gaeilge’ san obair sin. Is grúpa pobalbhunaithe é Muineachán Le Gaeilge a dhíríonn ar fhorbairt phobal na teanga sa chontae.

D’fhreastail Meon Eile ar thráth na gceist i gClubtheach Chumann Lúthchleas Gael na Botha le déanaí chun ról Muineachán Le Gaeilge a phlé le muintir na háite. Is imeacht é an tráth na gceist a chuireann an grúpa ar siúl gach bliain chun deis a thabhairt dá chuid ball theacht le chéile agus an teanga a úsáid go sóisialta. 

Foilsíodh le déanaí go bhfuil fás na Gaeilge chomh láidir i gContae Mhuineacháin ó thaobh cúrsaí oideachais de go bhfuil níos mó ná 10% de bhunscoileanna sa chontae ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge amháin anois - rud a bhí soiléir agus cuid mhór daoine óga i láthair ag an imeacht iontach seo i mBaile na Scotaigh...

Close
Close